Binneas

Bunaíodh an tionscnamh “Binneas” chun oidhreacht cheoil Uíbh Ráthaigh a chaomhnú don todhchaí agus chun na seodra luachmhara ceoil agus amhránaíochta atá bailithe mar chuid den tógra a thabhairt ar aghaidh go dtí an céad ghlúin eile.

Tá stór mór amhrán agus píosaí ceoil bailithe ag Peter Mullarkey, ceoltóir ó Learpholl atá anois curtha faoi i gCathair Saidhbhín agus tá siad ar fáil ar shuíomh idirlinn an tionscnaimh – binneas.com.

Seán Garvey ag seinnt lena mhac Seán ÓgTá Seán Garvey, amhránaí deo bhunaibh Chathair Saidhbhín a chaith blianta fada ina chónaí i mBaile Átha Cliath ag obair mar amhránaí cónaitheach linn le tamall anuas.

Téann Seán ar chuairt ceoil go dtí na bunscoileanna Gaeltachta chun amhráin dúchasacha an cheantair a roinnt leis na leanaí.

Deineann sé Club Amhránaíochta a stiúr comh maith agus an grúpa seo ag teacht le céile uair sa mhí.

Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh sa Chlub níl le déanamh agat ach teangmháil linn agus cuirfear ar an ‘liosta téacs’ thú agus gheobhaidh tú teachtaireacht téacs le sonraí an chlub don mhí reatha.