Pleanáil Teanga

Dréacht Phlean Teanga do Uíbh Ráthach

Seo thíos an leagan is déanaí den Phlean Teanga

PLEAN TEANGA CIARRAÍ THEAS leagan is déanaí

Cúlra

I Mí na Nollag 2014, ceapadh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh mar Cheann Eagras Pleanála Teanga don cheantar seo. Tá tréimhse dhá bhliain tugtha don bpobal chun plean teanga a ullmhú don cheantar agus má tá an plean sin inglacaithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta beidh tréimhse seacht mbliana againn chun é a chur i bhfeidhm.

Ar bhonn leanúnach, tá obair ar siúl againn chun an pobal a chur ar an eolas faoin bpróiséas seo agus taighde á dhéanamh againn i measc na ndaoine a chabhróidh go mór linn chun plean a fhorbairt.

Tá an sórt seo oibre seo ar siúl againn le roinnt blianta i slite éagsúla, mar shampla le linn Seachtain na Gaeilge 2012 eisíodh bróiséar eolais don bpobal áitiúil maidir leis an dtábhacht a bhaineann le pleanáil don Ghaeilge sa todhchaí sa cheantar agus tá cóip de le fáil as Gaeilge agus as Béarla anseo.  Tá breis eolais le fáil freisin ar leathanach Facebook “Gaeilge Uíbh Ráthaigh

Cén fáth go bhfuil gá le plean teanga i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh?

Tá cloiste ag gach duine ag an bpointe seo fén bplean teanga don Ghaeilge sa Ghaeltacht seo. Eiseofar dréacht den phlean teanga ag deireadh na bliana seo, mar sin, tá sé tábhachtach tuiscint chruinn bheith againn ar cad is plean teanga ann. Mar sin is fiú an dá cheist seo a chur: cad is plean teanga ann agus cén fáth go  bhfuil gá leis?

Bíonn orainn go léir pleanáil a dhéanamh gach lá,  ó phleanáil do bhéilí, do laetha saoire go pleanáil do oideachas ár gcuid leanaí. Ní mór pleanáil a dhéanamh do theangacha chomh maith céanna ach ní chuimhnímid air sin mórán.

Fiú i gcás na mórtheangacha domhanda ar nós an Bhéarla agus na Spáinnise, bíonn pleanáil leanúnach ar siúl maidir le téarmaí nua a chumadh do réimsí mar theicneolaíocht, ríomhaireacht agus leigheas nuair a chruthaítear rud nua.

I gcás teangacha atá timpeallaithe ag mórtheangacha domhanda agus i gcás teangacha atá faoi bhagairt a mbáis, bíonn gá le síorphleanáil chun úsáid na dteangacha sin a neartú, a leathnú agus a bhuanú.

Sin atá ag tarlú i gcás na Gaeilge anseo, áit a bhfuil an teanga faoi bhagairt. Tá gá le plean a chur le chéile chun go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail agus i dtreo is go mbeidh líon na daoine a úsáideann go laethúil í ag fás de shíor. Sin an chúis gur leag Acht na Gaeltachta 2012 próiseas pleanála teanga amach don Ghaeltacht. Faoin Acht seo, tá na ceantair Ghaeltachta ag cur plean teanga le chéile.

Tá an próiseas seo ar siúl i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh le roinnt míonna anuas. Reachtáladh fócasghrúpaí  le páirithe leasmhara agus sainíodh spriocanna atá le baint amach tríd an bplean.  Beidh tréimhse cuíosach fada chun na spriocanna sin a chur i bhfeidhm agus muna bhfuil ag éirí linn an sprioc a bhaint amach, beidh deis againn an sprioc a athrú nó sprioc eile a chur ina háit. Murab ionann agus pleananna eile a scríobhadh go dtí seo, is é an pobal féin atá ag cur an plean seo le chéile. Níl ann do theanga ná do phlean gan phobal.  Facebook “Gaeilge Uíbh Ráthaigh” agus bíodh ionchur agat ann más suim todhchaí na teanga.