All posts by admin

Folúntas / Vacancy Oifigeach Forbartha Turasóireachta Tourism Development Officer

 Folúntas / Vacancy

Oifigeach Forbartha Turasóireachta

Tourism Development Officer

Tá post mar Oifigeach Forbartha Turasóireachta a mhairfidh suas le dhá bhliain á tairiscint ag Comhchoiste Ghaeltacht Uí­bh Ráthaigh i gcomhair le Skellig Coast Tourism Network

Tá tacaíocht don togra seo á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta mar chuid dá Phlean Turasóireachta chun tograí Turasóireachta Straitéiseacha a fhorbairt

Duine cumasach le cáilíocht 3ú leibhéal ábhartha nó taithí­ san Earnáil Turasóireachta atá á lorg. Tá tuiscint ar Plean Turasóireachta riachtanach don phost. Tá an plean ar fáil anseo ‘Chósta na Sceilge’.  

Tá ard chaighdeán i scríobh agus labhairt na Gaeilge chomh maith le scileanna riaracháin agus eagrúcháin riachtanach chomh maith le ceadúnas glan tiomána iomlán.

Íocfar tuarastal idir €25,000 agus €30,000 sa bhliain leis an té a cheapfar ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí­, mar aon le costais. Beidh an té a ceapfar lonnaithe i gCiarraí­ Theas.

The Comhchoiste Gaeltacht Uíbh Ráthaigh in conjunction with the Skellig Coast Tourism Network are recruiting a Tourism Development Officer to implement the Skellig Coast Visitor Experience Plan

Job Requirements.

  • Proficiency in both written and spoken Irish Â
  • A highly motivated person capable of working on one’s own initiative.
  • Good organisational and preparation skills
  • An appropriate 3rd level qualification or relevant experience in the Tourism Industry.
  •  A detailed knowledge and understanding of the Skellig Coast Visitor Experience Plan is necessary.  This plan is available on www.skelligcoastvisitorexperienceplan
  • A full clean driving licence

The person appointed will be based in South Kerry. Closing date for applications 5pm Friday August 2nd.

Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae roimh 5.00i.n. Dé hAoine 2 Lúnasa 2019 chuig: aine@comhchoiste.ie nó An Bainisteoir, Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Ceann Eich, Cathair Saidhbhín, Co Chiarraí. Tá breis eolais faoin bpost ar fáil ach glaoch ar Áine ar 066 9474888

 

Is fostóir comhionannais deiseanna é Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus is í an Ghaeilge a theanga oibre.

Rúiseach ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga do Chiarraí Theas/Russian native, Dr Victor Bayda, appointed as Irish Language Planning Officer for South Kerry Gaeltacht

Tá sé fógartha ag Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthach, go bhfuil an Dr. Victor Bayda ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga i gCiarraí Theas.  Is ón Rúis ó dhúchas don Dr. Bayda, áit a raibh sé mar léachtóir le Gaeilge in Stát-Ollscoil Lomonosov Mhoscó le suas le cúig bliana déag. Is é an deichiú oifigeach pleanála teanga atá ceaptha faoin Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Tá aistir ar leith curtha dhó ag Victor ní hamháin ó Mhoscó go hUíbh Ráthach ach turas teanga chomh maith áit ar chur sé suim mhór i dteangacha in aois a trí bliana déag agus go háirithe teangacha ceilteacha. Bhí an Bhreatnais agus Gaeilge na hAlban mar ábhar spéise aige ach is sa Ghaeilge is mó a léirigh sé suim. Fiú agus é ag staidéar Isiltíris in Stát-Ollscoil Lomonosov Mhoscó ba sa nGaeilge a bhí a chroí agus thug sé faoi staidéar dochtúireacht sa Ghaeilge. Chaith sé tréimhsí in Éirinn, i gColáiste na Tríonóide agus i nGaeltacht Chonamara, ag foghlaim na teanga agus bhain amach líofacht le tacaíocht an phobail sa Spidéal agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.

Beidh sé mar dhualgas ar an Dr. Bayda feidhmiú an phlean teanga do Limistéir Pleanála Teanga Chiarraí Theas a chur i bhfeidhm i gcomhair le heagrais agus pobal an cheantair sna blianta seo romhainn. Roghnaíodh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh mar Cheanneagraíocht na pleanála teanga i nGaeltacht Chiarraí Theas i ndeireadh na bliana 2014. Ceadaíodh a bplean i dteanga ag tús 2018 agus tá maoiniú de €100,000 ceadaithe dóibh chun tacú le feidhmiú an Phlean.

Deir Victor Bayda ar a cheapachán, “Onóir agus pribhléid mhór dom a bheith ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga anseo i gceantar álainn Chiarraí Theas. Táim fíor bhuíoch as an fháilte atá curtha romham chuig an gceantar le cúpla lá agus táim ag tnúth go mór le tosú ag obair leis an bpobal chun an Ghaeilge agus an ceantar seo a chur chun cinn. Tá dúshlán mór romhainn cinnte ach tá sé rí thábhachtach fócas dearfach a choinneáil ar cheantar Uíbh Ráthach agus na deiseanna atá ag an gceantar a thapú sna blianta atá romhainn.”

Deir Áine Ní Bheoláin, Bainisteoir, Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthach “Cuireann muid fáilte mhór roimh Victor Bayda agus guíonn muid gach ádh air san obair dhúshlánach atá roimhe. Cúis áthais dúinn go raibh spéis aige tabhairt faoin dúshlán pleanála teanga anseo in Uíbh Ráthach. Tá roinnt blianta spéisiúla romhainn i gCiarraí Theas le Plean Gnímh Tascfhórsa Uíbh Ráthach atá le foilsiú go luath chomh maith le feidhmiú an phlean teanga seo. Caithfear tabhairt faoi na dúshláin seo ar bhealach éagsúil nuálaíoch agus sin a bheidh á dhéanamh againn sna blianta atá romhainn.”

Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthach have announced that Dr. Victor Bayda has been appointed as the Irish Language Planning Officer for the south Kerry Gaeltacht. Dr. Bayda, a native of Moscow, Russia, was a lecturer of Irish in the Lomonosov State University in Moscow for 15 years. He is the tenth Irish language planning officer that has been appointed under the language planning process in the Gaeltacht in recent months.

Victor has completed a significant journey not only from Moscow to Uíbh Ráthach but a linguistic journey also where he displayed a huge interest in languages at the age of thirteen and especially celtic languages. Although Welsh and Scots Gaelic piqued his interest it was the Irish Language that grabbed his full attention. Even while studying Dutch in Moscow Lomonosov State University his heart was in the Irish language and he subsequently undertook a doctorate in Irish. Victor spent periods in Ireland, in Trinity College and in the Conamara Gaeltacht, learning the language and he achieved fluency with the support of the community in An Spidéal and in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in An Cheathrú Rua in County Galway.

Dr. Bayda will be responsible, in collaboration with the community and organisations in the area, for the implementation of an Irish Language Action Plan that has been prepared for the South Kerry Language Planning Area. Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh were chosen as the lead organisation for Irish Language Planning in the South Kerry Gaeltacht at the end of 2014. The language plan they prepared with the support of the community was approved in early 2018 and funding of €100,000 has been approved to support the implementation of the plan.

Victor Bayda referred to his appointment, “It is a privilege and a honour for me to be appointed as an Irish Language Planning Officer for the picturesque area of south Kerry. I am extremely grateful for the warm welcome I have received over the past few days and I am looking forward to starting to work with the community to promote not only the Irish Language but the area itself also. We have significant challenges ahead certainly but it is very important to keep a positive focus on the Uíbh Ráthach area and to grasp all opportunities presented to the area has with both hands in the years ahead.”

Áine Ní Bheoláin, Manager of Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthach said “We heartily welcome Victor Bayda to our beautiful corner of the world and wish him all the best in the challenging work he has before him. We are delighted that he showed an interest in undertaking the challenge of Irish language planning here in Uíbh Ráthach. There are some very interesting years ahead of us here in south Kerry with the imminent publication of the Interagency Taskforce Action Plan for Uíbh Ráthach as well as the implementation of the Irish Language Action Plan. The challenges must be faced in different innovative ways and that is what we undertake for the years ahead.”

Plean Teanga Chiarraí Theas

Is féidir leabhrán faoin bPlean Teanga a íoslódáil anseo.

RANGANNA GAEILGE | ADULT COURSES

SAOIRE AS GAEILGE| IRISH LANGUAGE HOLIDAYS

***

Dréacht Phlean Teanga do Uíbh Ráthach

Seo thíos an leagan is déanaí den Phlean Teanga

PLEAN TEANGA CHIARRAÍ THEAS Eanáir 2018

Cúlra

I Mí na Nollag 2014, ceapadh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh mar Cheann Eagras Pleanála Teanga don cheantar seo. Tá tréimhse dhá bhliain tugtha don bpobal chun plean teanga a ullmhú don cheantar agus má tá an plean sin inglacaithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta beidh tréimhse seacht mbliana againn chun é a chur i bhfeidhm.

Ar bhonn leanúnach, tá obair ar siúl againn chun an pobal a chur ar an eolas faoin bpróiséas seo agus taighde á dhéanamh againn i measc na ndaoine a chabhróidh go mór linn chun plean a fhorbairt.

Tá an sórt seo oibre seo ar siúl againn le roinnt blianta i slite éagsúla, mar shampla le linn Seachtain na Gaeilge 2012 eisíodh bróiséar eolais don bpobal áitiúil maidir leis an dtábhacht a bhaineann le pleanáil don Ghaeilge sa todhchaí sa cheantar agus tá cóip de le fáil as Gaeilge agus as Béarla anseo.  Tá breis eolais le fáil freisin ar leathanach Facebook “Gaeilge Uíbh Ráthaigh

Cén fáth go bhfuil gá le plean teanga i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh?

Tá cloiste ag gach duine ag an bpointe seo fén bplean teanga don Ghaeilge sa Ghaeltacht seo. Eiseofar dréacht den phlean teanga ag deireadh na bliana seo, mar sin, tá sé tábhachtach tuiscint chruinn bheith againn ar cad is plean teanga ann. Mar sin is fiú an dá cheist seo a chur: cad is plean teanga ann agus cén fáth go  bhfuil gá leis?

Bíonn orainn go léir pleanáil a dhéanamh gach lá,  ó phleanáil do bhéilí, do laetha saoire go pleanáil do oideachas ár gcuid leanaí. Ní mór pleanáil a dhéanamh do theangacha chomh maith céanna ach ní chuimhnímid air sin mórán.

Fiú i gcás na mórtheangacha domhanda ar nós an Bhéarla agus na Spáinnise, bíonn pleanáil leanúnach ar siúl maidir le téarmaí nua a chumadh do réimsí mar theicneolaíocht, ríomhaireacht agus leigheas nuair a chruthaítear rud nua.

I gcás teangacha atá timpeallaithe ag mórtheangacha domhanda agus i gcás teangacha atá faoi bhagairt a mbáis, bíonn gá le síorphleanáil chun úsáid na dteangacha sin a neartú, a leathnú agus a bhuanú.

Sin atá ag tarlú i gcás na Gaeilge anseo, áit a bhfuil an teanga faoi bhagairt. Tá gá le plean a chur le chéile chun go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail agus i dtreo is go mbeidh líon na daoine a úsáideann go laethúil í ag fás de shíor. Sin an chúis gur leag Acht na Gaeltachta 2012 próiseas pleanála teanga amach don Ghaeltacht. Faoin Acht seo, tá na ceantair Ghaeltachta ag cur plean teanga le chéile.

Tá an próiseas seo ar siúl i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh le roinnt míonna anuas. Reachtáladh fócasghrúpaí  le páirithe leasmhara agus sainíodh spriocanna atá le baint amach tríd an bplean.  Beidh tréimhse cuíosach fada chun na spriocanna sin a chur i bhfeidhm agus muna bhfuil ag éirí linn an sprioc a bhaint amach, beidh deis againn an sprioc a athrú nó sprioc eile a chur ina háit. Murab ionann agus pleananna eile a scríobhadh go dtí seo, is é an pobal féin atá ag cur an plean seo le chéile. Níl ann do theanga ná do phlean gan phobal.  Facebook “Gaeilge Uíbh Ráthaigh” agus bíodh ionchur agat ann más suim todhchaí na teanga.

Gaeltacht Uíbh Ráthaigh

Anseo, de réir stair mhiotaseolaíoch Éirennach, Leabhar Gabhála Éireann, a leag na Gaeil, nó clann Mhíle cos den gcéad uair ar thalamh an oileáin seo i mBa na Scealg, agus is anseo a chum duine acu – Amhairghin Glúingheal – an chéad dán i nGaelainn. Is anseo a chuireann an traidisiún tús Éire na nGael. 

Is anseo chomh maith a bhí dúchas Chorca Dhuibhne, treibh mheánaoiseach, a leath amach go dtí an leithinis in aice láimhe. Is ar Inis Uasal ar Loch Luíoch a bhí lárionad acu. Murab ionann le Corca Dhuibhne, áfach, ní raibh tionchar mór ag na Normanigh riamh anseo. 

Is anseo a rugadh agus a tógadh Dónall Ó Conaill, an polaiteoir mór. Ba é a bhí mar phátrún don bhifle mór Tomás Rua Ó Súilleabháin a chum amhráin atá fós á gcanadh timpeall Uíbh Ráthaigh. 

Ba í aintín Dhónaill féin, Eibhlín Dhubh Ní Chonaill a chum ‘ceann des na dánta is mó ar domhain’ de réir Thomas Kinsella – ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, dá fear céile a cuireadh ó chosaint an dlí mar nár ghéill sé do cheann des na péindlithe. 

Ní sna teaghlaigh mór-le-rá amháin a bhí laochra Uíbh Ráthaigh agus throid Donncha Ó Laoire, nó ‘Cable’ Ó Laoire agus a theaghlach le linn Chogadh na Talún agus scairt sé leo siúd a tháinig chun é a dhíbirt: 

Níl agam ach an t-aon bheatha amháin, agus táim ullamh scaradh léi sara fágfaidh mé an áit

Bhí a lán filí agus béaloidis riamh in Uíbh Ráthach. Is é Seán Ó Conaill an seanchaí is mó cáil, is dócha, agus tá Leabhar Sheáin Í Chonaill ar churaclam gach aon scoláire béaloidis. Chaith Séamas Ó Duilearga, bunaitheoir an Choimisiún Béaloidis, seacht mbliana ag teacht chuig Seán chun an Ghaelainn a fhoghlaim agus a scéalta a bhailiú. 

Tá spás samhlaíoch i dtírdhreach Uíbh Ráthaigh féin do go leor scéalta ar nós na scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill agus faoina mhac Oisín. Anseo atá Suí Finn agus Bealach Oisín

Anseo, i mBaile an Sceilg a bhí cónaí ag ealaíontóir mór Uíbh Ráthaigh – Micheál Ó Ciarmhaic, amharc-ealaíontóir, scríbhneoir, file agus bádóir sciliúil. 

Cumadh roinnt des na hamhráin is áille agus is cáilúla in Uíbh Ráthach –leithéidí Amhrán na Leabhar agus Maidin Bhog Álainn le Tomás Rua agus an t-amhrán cáiliúil Bó na Leath-adhairce ón Dromaid. 

Tá saibhreas cultúrtha Uíbh Ráthaigh mar bhonn ag Éigse na Brídeoige, ceiliúradh bliantúil ar chultúr na háite agus ar theacht an earraigh, agus tá sé suntasach gur as an Éigse a d’eascair Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag cur an Ghaelainn agus cultúr Uíbh Ráthaigh chun tosaigh i bhforbairt an phobail áitiúil. 

***

Tugann an tuairisc seo nuashonrú ar phróifíl Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, bunaithe ar Dhaonáireamh 2016. Léiríonn sé nuashonrú ar an t-eolas atá laistigh de phróifíl 2017 ullmhaithe ag Breandán Ó Caoimh agus Shane O’Sullivan, a bhí bunaithe ar sonraí  suas go dtí Daonáireamh 2011.    

Cliceáil ar na naisc thíos chun na tuairiscí a fheiscint.

Click on the links below to view the reports.

Uíbh Ráthach Profile March 2017 FINAL

Gaeltacht Profil 2018