Seirbhísí Iompair | Transport Services

Cheadaíodh deontas faoi scéim na gCuntas Díomhaoin don Chomhchoiste chun bus atá in oiriúint do phaisinéirí le míchumas a cheannach.  Beannaíodh an bus ar an 12.07.07 agus ó shin i leith tá sí ag tabhairt grúpaí daoine isteach go dtí na hIonaid Lae le haghaidh béiltí agus seirbhísí eile, i gcomhar le hIompar Pobail Chiarraí.

Bus an Chomhchoiste

  • Dé Luain – Seirbhís go hIonad Lae Bhaile ‘n Sceilg dhá Luan sa mhí
  • Dé Máirt – Ionad Lae an Ghleanna gach seachtain
  • Dé Céadaoin – Seirbhís go Halla Chathair Dónall uair sa mhí
  • Déardaoin – Ionad Lae Bhaile ‘n Sceilg gach seachtain
  • Dé hAoine - Seirbhís go Halla Chathair Dónall uair sa mhí

This fully accessible bus has a lift at the back which allows wheelchair users to board the bus  without leaving their chair, and the lift is also helpful to people who find steps difficult to climb. The bus is also available for private hire to people / families with special access needs, for example when people need to travel to Caherciveen, Valentia, Milltown to access residential respite.  If you need to use the bus at any stage please contact the office for further information.

I 2012 thosnaíomar ag soláthar seirbhíse cúig lá sa tseachtain ós na ceantracha éagsúla in Uíbh Ráthach go dtí Ospidéal Naomh Áine i gCathair Saidhbhín.

Tá bus nua eile ceannaithe againn ó Mhí na Nollag 2014, agus an ceann seo oiriúnach freisin chun daoine le míchumas a iompar go héasca.  Táimid an bhuíoch do gach éinne a thug deontais pearsanta dúinn agus do Andrew Scattergood a bhailigh geall le €1,000 dúinn chun dul i dtreo chostais an bhus nua seo agus é san iomaíocht do mhéara Bhaile ‘n Sceilg.  Go raibh míle maith agat Scatz!

Scattergood