Gaeltacht Uíbh Ráthaigh

Anseo, de réir stair mhiotaseolaíoch Éirennach, Leabhar Gabhála Éireann, a leag na Gaeil, nó clann Mhíle cos den gcéad uair ar thalamh an oileáin seo i mBa na Scealg, agus is anseo a chum duine acu – Amhairghin Glúingheal – an chéad dán i nGaelainn. Is anseo a chuireann an traidisiún tús Éire na nGael. 

Is anseo chomh maith a bhí dúchas Chorca Dhuibhne, treibh mheánaoiseach, a leath amach go dtí an leithinis in aice láimhe. Is ar Inis Uasal ar Loch Luíoch a bhí lárionad acu. Murab ionann le Corca Dhuibhne, áfach, ní raibh tionchar mór ag na Normanigh riamh anseo. 

Is anseo a rugadh agus a tógadh Dónall Ó Conaill, an polaiteoir mór. Ba é a bhí mar phátrún don bhifle mór Tomás Rua Ó Súilleabháin a chum amhráin atá fós á gcanadh timpeall Uíbh Ráthaigh. 

Ba í aintín Dhónaill féin, Eibhlín Dhubh Ní Chonaill a chum ‘ceann des na dánta is mó ar domhain’ de réir Thomas Kinsella – ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, dá fear céile a cuireadh ó chosaint an dlí mar nár ghéill sé do cheann des na péindlithe. 

Ní sna teaghlaigh mór-le-rá amháin a bhí laochra Uíbh Ráthaigh agus throid Donncha Ó Laoire, nó ‘Cable’ Ó Laoire agus a theaghlach le linn Chogadh na Talún agus scairt sé leo siúd a tháinig chun é a dhíbirt: 

Níl agam ach an t-aon bheatha amháin, agus táim ullamh scaradh léi sara fágfaidh mé an áit

Bhí a lán filí agus béaloidis riamh in Uíbh Ráthach. Is é Seán Ó Conaill an seanchaí is mó cáil, is dócha, agus tá Leabhar Sheáin Í Chonaill ar churaclam gach aon scoláire béaloidis. Chaith Séamas Ó Duilearga, bunaitheoir an Choimisiún Béaloidis, seacht mbliana ag teacht chuig Seán chun an Ghaelainn a fhoghlaim agus a scéalta a bhailiú. 

Tá spás samhlaíoch i dtírdhreach Uíbh Ráthaigh féin do go leor scéalta ar nós na scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill agus faoina mhac Oisín. Anseo atá Suí Finn agus Bealach Oisín

Anseo, i mBaile an Sceilg a bhí cónaí ag ealaíontóir mór Uíbh Ráthaigh – Micheál Ó Ciarmhaic, amharc-ealaíontóir, scríbhneoir, file agus bádóir sciliúil. 

Cumadh roinnt des na hamhráin is áille agus is cáilúla in Uíbh Ráthach –leithéidí Amhrán na Leabhar agus Maidin Bhog Álainn le Tomás Rua agus an t-amhrán cáiliúil Bó na Leath-adhairce ón Dromaid. 

Tá saibhreas cultúrtha Uíbh Ráthaigh mar bhonn ag Éigse na Brídeoige, ceiliúradh bliantúil ar chultúr na háite agus ar theacht an earraigh, agus tá sé suntasach gur as an Éigse a d’eascair Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag cur an Ghaelainn agus cultúr Uíbh Ráthaigh chun tosaigh i bhforbairt an phobail áitiúil. 

***

Tugann an tuairisc seo nuashonrú ar phróifíl Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, bunaithe ar Dhaonáireamh 2016. Léiríonn sé nuashonrú ar an t-eolas atá laistigh de phróifíl 2017 ullmhaithe ag Breandán Ó Caoimh agus Shane O’Sullivan, a bhí bunaithe ar sonraí  suas go dtí Daonáireamh 2011.    

Cliceáil ar na naisc thíos chun na tuairiscí a fheiscint.

Click on the links below to view the reports.

Uíbh Ráthach Profile March 2017 FINAL

Gaeltacht Profil 2018