Tionscadal Béaloideasa
Tionscadal Bhéaloideas Uíbh Ráthaigh
Tá stair ársa bhéaloideasa ag baint le leithinis Uíbh Ráthaigh. Thug an Dr. Séamus Ó Duilearga aitheantas don tsaíocht seo leis an stór béaloideasa a bhailigh sé ó Sheán Ó Conaill agus ó sheanchaithe eile in Uíbh Ráthach agus le foilsiú Leabhar Sheáin Uí Chonaill.
An teagmháil a bhí idir Séamus Ó Duilearga agus Seán Ó Conaill a spreag an Duileargach Cumann Bhéaloideas Éireann a bhunú as ar fhás Coimisiún Béaloideasa Éireann ina dhiaidh sin.
Le bunú an Choimisiúin, fostaíodh bailitheoirí chun dul amach ag bailiú béaloideasa ar fud na tíre. I measc na mbailitheoirí sin bhí Tadhg Ó Murchú ó Uíbh Ráthach, fear a bhailigh thart ar 66,000 leathanach de bhéaloideas, faid is a bhí sé ag obair don Choimisiún. Bailíodh formhór mór a bhailiúcháin ó scéalaithe i leithinis Uíbh Ráthaigh.
Tadhg Ó Murchú ag obair le faisnéiseoir Paddy Óg Liath Ó Súilleabháin. Grianghraf le fáil ar duchas.ie.
Tá Éigse na Brídeoige ar siúl in Uíbh Ráthach le hos cionn 30 bliain anuas. Le linn na hÉigse sin, cuirtear gné áirithe de chultúr, stair agus seanchas na leithinse fé bhráid an phobail.
I mbliana (2025), dhírigh téama na hÉigse ar aitheantas a thabhairt don éacht oibre a dhein Tadhg Ó Murchú faid is a bhí sé ag obair don Choimisiún Béaloideasa.
I rith na hÉigse ritheadh moladh gur cheart scéim a cheapadh a thabharfadh aitheantas leanúnach do chuimhne Thaidhg. Scéim a chruthódh ceangal láidir idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus pobal Uíbh Ráthaigh na linne seo.
Chuige sin, cuireadh feachtas ar bun chun iarracht a dhéanamh mac léinn a aimsiú a bheadh sásta tabhairt faoin obair sin. Bheadh súil go mbeadh cáilíocht ollscoile ag gabháil le toradh na hoibre sin, céim mháistreachta nó céim dhochtúra.
Is faoi údarás na hOllscoile cuí agus an mac léinn féin a bheadh sé clár oibre a aontú ach go mbeadh deis ag Coiste Stiúrtha an fheachtais moltaí a chur féna mbráid.
Sampla garbh den taighde a bheadh i gceist
Ceangal le Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus duchas.ie chun léargas a fháil ar an obair atá déanta ar bhailiúchán Thaidhg Uí Mhurchú cheana féin.
Cur le hobair Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus duchas.ie ar an obair atá déanta go dtí seo ar bhailiúcháin Thaidhg
Eolas a chur ar Bhailiúchán Thaidhg - na foinsí a bhí aige, dialanna Thaidhg, a mhodh oibre, ailt a scríobh sé,
Ábhair a innéacsú agus a rangú – féilte, piseoga, logainmneacha, an dúlra.
Ceangal le Pobal Uíbh Ráthaigh tré feachtas eolais a chur ar siúl ar:
Tadhg Ó Murchú, an bailitheoir béaloideasa
Conas teacht ar a bhailiúcháin go héasca ar líne
Ceangal leis na scoileanna/ócáidí pobail
Má tá suim agat sa togra seo agus más mian leat a thuilleadh eolais a fháil faoina bhfuil i gceist, bí i dteagmháil linn ag eolas@comhchoiste.ie nó brúigh ar ‘Teagmháil’ thíos.