OIFIG AGUS IONAD TEANGA
Tá oifig an Chomchoiste aitheanta ag Údarás na Gaeltachta mar cheann de na 34 ionad seirbhíse teanga sna ceantracha Gaeltachta timpeall na tíre.
Bímid ag freastal ar riachtainis teanga na háite ag eagrú ranganna Gaeilge, tacaíochtaí teanga don óige agus do theaghlaigh, agus ag iarraiadh Gaeilge a choimeád ar thús cadhnaíochta.
Osclaíodh oifig an Chomchoiste i 2008 i gCeann Eich, go dtí sin bhíodh sé lonnaithe i prefab in aice le Comharchumann Naomh Fhíonáin Teo.
Méadaíodh an oifig i 2012/2013 agus is é an tAire Donncha McGinley TD a d’oscail go hoifigiúil í ar an 27ú lá de Mheán Fómhair, 2013.
Tá seomra cruinnithe nua ar fáil do ghrúpaí pobail aitiúla ar cíos reasúnta. Bí i dteagmháil leis an oifig le haghaidh níos mó eolais.