Fáilte | Welcome
Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, Ciarraí theas - Iveragh Gaeltacht, South Kerry.
Fáilte go Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh!
Bunaíodh féile chultúrtha nua, Éigse na Brídeoige, i 1992. Spreag an fhéile seo muintir na háite agus thuig siad tábhacht na Gaeilge i leithinis Uíbh Ráthaigh. Chruthaigh sé nascanna le ceantreacha Gaeltachta eile agus le cainteoirí Gaeilge go ginearálta.
Ba é coiste na féile seo a thosaigh mar bhonn do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i mí Aibreáin 1998, agus, sheasadar mar ionadaithe do phobail na Gaeltachta i gCiarraí Theas.
Tá na háiteanna seo i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh:
Baile an Sceilg - Ballinskelligs
An Gleann - The Glen
An Dromaid - Dromod
Gleann Mór & An Lóthar - Glenmore & Lohar
Cathair Dónall - Caherdaniel