Post bainisteora le Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh

Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh anois ag lorg

Bainisteoir Tionscnaimh do Phlean Gníomhaíochta II

chun seirbhís tacaíochta agus comhórdnaithe a chur ar fáil don Tascfhórsa agus chun cuidiú

le bainistiú agus feidhmiú a chláir oibre

An Cúlra: Is grúpa tras-earnála é Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh a bunaíodh i 2017 chun dul i

ngleic le drochchaillteanas daonra i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá eagrais pobail, gnó,

oideachais agus stáit ag feidhmiú ar an dTascfhórsa atá faoi chathaoirleacht Údarás na

Gaeltachta.

An tÉileamh: Tá iarratais á lorg anois ó dhaoine fonnmhara, féinspreagtha, le cáilíochtaí

oiriúnacha chun bainistíocht a dhéanamh ar chur i gcrích an dara Phlean Gníomhaíochta de

chuid an Tascfhórsa.

Fáilteofar roimh iarratais i leith na hoibre seo ar bhonn fostaíochta ar théarma seasta nó ar

bhonn chomhairleoireachta. Beidh an té a cheapfar ag obair i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

An Ról: Beidh an Bainisteoir Tionscnaimh ag obair go díreach do agus thar ceann Grúpa

Stiúrtha an Tascfhórsa. Beidh an té a cheapfar freagrach as comhordú agus soláthar tacaíochta

don Tascfhórsa i gcomhlíonadh a róil, agus i gcásanna áirithe, beidh tacaíocht de dhíth ar na

páirtnéirí mar an gcéanna.

Beidh an Bainisteoir Tionscnaimh freagrach do Chathaoirleach an Tascfhórsa/Ceannasaí Oifig

Réigiúnach & Forbartha Pobail an Deiscirt de chuid Údarás na Gaeltachta.

Na Dualgais: Beidh na dualgais seo a leanas i gceist, ach gan a bheith teoranta dóibh:

• Plé a dhéanamh le comhpháirtithe an Tascfhórsa go rialta maidir le dul chun cinn an

Phlean Gníomhaíochta agus áisitheoireacht a dhéanamh orthu.

• Tuarascáil a ullmhú go rialta do pháirtithe leasmhara, sonraí leanúnacha ar thascairí

feidhmíochta san áireamh.

• Buiséadú agus tuairisciú airgeadais.

• Eolas faoi obair an Tascfhórsa a roinnt go poiblí ar na meáin shóisialta agus na meáin

traidisiúnta ó am go h-am.

• Plé le teaghlaigh ag léiriú spéise in athlonnú, eolas a roinnt leo, gníomhú mar concierge

áitiúil.

• Plé le húinéirí tí áitiúla, cabhrú chun teaghlaigh a mheaitseáil leis na tithe cearta

• Cuidiú le tionscadal tithíochta inacmhainne faoi stiúir an phobail a chur i bhfeidhm in

Uíbh Ráthach.

Na Riachtanais:

• Cáilíocht ábhartha agus 3 bliana ar a laghad de thaithí ábhartha

• Eolas agus cumas oiriúnach sa Ghaeilge, scríofa agus labhartha

• Taithí ar chomhoibriú agus gréasánú le hearnáil an phobail agus le heagrais stáit.

• Eolas ar na straitéisí agus polasaithe ábharacha ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus stáit.

• Eolas ar chistí maoinithe agus taithí ar mhaoiniú a fháil ó fhoinsí éagsúla.

• Scileanna ábhartha ríomhaireachta ar leibhéal ard; cur amach ar na meáin shóisialta

agus cumas iontu

• Ceadúnas iomlán tiomána glan agus úsáid ghluaisteáin.

An Conradh: Seo a leanas sonraí tábhachtach a bhainfidh leis an bhfostaíocht seo

Tréimhse an chonradh Bliain amháin

Gnáthrialacha promhaidh i gceist? Tá

Uaireanta oibre sa tseachtain 21

Íocaíocht* €28,765

ASPC á dhíol ag an bhFhostóir? Tá

Eagrais conartha Forbairt na Dromaid

Módh iarratais CV & litir iarratais

* bunaithe ar Ard scála Oifigeach Riaracháin €53,239, pro rata.

Tá cóip de Ghníomhphlean an Tascfhórsa ar fáil ar shuíomh idirlín an Tascfhórsa –

www.saolnua.ie (nuacht agus ócáidí).

Conas iarratas a dhéanamh:

Seol iarratas mar aon le CV trí Ghaeilge roimh 4.00 i.n. ar an Aoine 4ú Aibreáin, 2025 chuig

tascfhorsa@udaras.ie.

Brí Uíbh Ráthaigh