Seisiún Eolais faoi Chúrsa Máistreachta le DCU in Uíbh Ráthach 2025
Seisiún Eolais faoi MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach le DCU, Cúrsa Máistreachta in Uíbh Ráthach 2025
FAOIN GCÚRSA
Is féidir CÚRSA PÁIRTAIMEARTHA (5 lá sa téarma) MÁISTREACHTA le DCU a dhéanamh IN UÍBH RÁTHACH.
Teideal an chúrsa: BAINISTÍOCHT AGUS GNÓ DIGITEACH.
Cúrsa de chuid DCU le rith in Uíbh Ráthach in 2025-2027.
Cúrsa iarchéime, Leibhéal NFQ: 9
Páirtaimseartha, 2 bhliain
Gach seiméastar beidh na ranganna ar siúl 3 huaire:
· 2 dheireadh seachtaine in Uíbh Ráthach;
· Satharn amháin ar an gcampas i mBaile Átha Cliath.
Eolas ar leathanaigh an chúrsa ar shuíomh idirlín DCU
Táille: €4,300 sa bhliain.
Táille DO MHUINTIR UÍBH RÁTHAIGH: €2,150 sa bhliain, trí thacaíocht ó Bhrí Uíbh Ráthaigh, ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta.
Tá tacaíochtaí eile airgeadais ar fáil chomh maith.
SEISIÚN EOLAIS
Beidh Seisiún Eolais ar líne Dé Máirt seo chugainn 1 Aibreán ag 17:30.
Déanfaidh stiúrthóir an chúrsa, an Dr Eoghan Mac Conaill Óig cur i láthair don chúrsa agus beidh deis ceisteanna ina dhiaidh sin.
Cláraigh thíos don Seisiúin Eolais.