Folúntas: Comhordaitheoir ‘Cumas Ceantar’, Gaeltacht Uíbh Ráthaigh

Comhordaitheoir ‘Cumas Ceantar’, Gaeltacht Uíbh Ráthaigh

 Spriocdháta d’iarratais: Céadaoin 22 Eanáir 2025

Tá Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag iarraidh Comhordaitheoir a fhostú don togra  ‘Cumas Ceantar’ i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tionscnamh forbartha ealaíon faoi stiúir an phobail de chuid na Comhairle Ealaíon is ea an tionscadal ‘Cumas Ceantar’ agus tá tacaíocht á fáil aige in Uíbh Ráthach ón gComhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Contae Chiarraí agus Plean Teanga Uíbh Ráthaigh, ag obair i gcomhpháirt le Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh agus Éigse na Brídeoige.

Is ról ríthábhachtach é seo a rachaidh i dteagmháil leis na pobail áitiúla, lena n-áireofar oibrithe agus cleachtóirí ealaíon agus cultúrtha go háitiúil chomh maith le príomheagraíochtaí forbartha áitiúla agus réigiúnacha. Tógann sé ar thréimhse Taighde agus Forbartha 18 mí a tugadh chun críche i Ráithe 1 2023.

Beidh an ról seo solúbtha, oscailte do uaireanta páirtaimseartha nó lánaimseartha, mar a aontófar de réir riachtanais an tionscadail agus mar a bhaineann le riachtanais an iarrthóra rathúil.   Conradh fostaíochta 24 mhí ar théarma seasta a bheidh ann, agus beidh raon feidhme teoranta aige maidir le leathnú/ciorrú. D’fhéadfadh roinnt cianobair a bheith i gceist. Tá sé mar thosaíocht ag an ról go mbeidh caidreamh leanúnach agus rialta ann leis an bpobal i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Fostóir comhionannais deise é Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí sóisialta, cine ná eitneacht, éagumas, stádas sibhialta ná teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil.

Táimid tiomanta do thimpeallacht thacúil oibre a sholáthar agus táimid sásta socruithe réasúnta a chur i bhfeidhm lena chinntiú gur féidir le gach iarrthóir páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas iarratais agus agallaimh.


Fís agus Misean an Tionscadail

Is í an fhís chomhchoiteann fhadtéarmach atá againn ná pobal Gaeltachta iniatach agus inbhuanaithe, atá fréamhaithe ina hoidhreacht uathúil gheografach agus chultúrtha; líofa, muiníneach agus éagsúil ina cruthaitheacht, seiftiúil agus samhlaíoch i bhfianaise dúshláin chomhchoiteanna.

Is é ár misean don tionscadal seo:

  • Straitéisí comhairliúcháin leathana a chothú chun a chinntiú go bhfuil Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh ag cur mianta agus smaointe pobalbhunaithe in iúl, le pleanáil fhadtéarmach chun tosaigh.

  • Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt idir ealaíontóirí áitiúla, grúpaí pobail idir sean agus nua agus gníomhaireachtaí forbartha pobail ag díriú ar thorthaí atá forásach go sóisialta a bhaint amach.

  • Oibriú le líonraí forbartha pobail leabaithe chun infreastruchtúr comhordaithe ealaíon a thógáil a bhainfidh úsáid as cur chuige cruthaitheach cuimsitheach agus éagsúil laistigh de chomhthéacs ilteangach Uíbh Ráthaigh agus ag an am céanna tacú le stádas agus oidhreacht Ghaeltachta an cheantair agus iad a chomóradh  agus a cheiliúradh.

 

Príomhinniúlachtaí agus príomhthaithí

  • Taithí ar theagmháil a dhéanamh le pobail, le healaíontóirí agus le heagraíochtaí

  • Taithí ar chomhairliúchán pobail agus ar phróiseas faoi stiúir an phobail sna healaíona

  • Tuiscint dhea-fhorbartha ar chleachtas ealaíon atá gníomhach go sóisialta

  • Tuiscint mhaith ar chomhthéacsanna agus ar phobail tuaithe

  • An-eagraithe

  • Sárscileanna éascaithe

  • Sárscileanna comhoibrithe

  • Sárscileanna bainistíochta tionscadail

 

I bhfianaise chomhthéacs Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, tabharfaimid tús áite d’iarratasóirí:

  • Gur féidir leo feidhmiú as Gaeilge

  • A bheidh sásta lonnú sa cheantar ar feadh cuid mhaith de thréimhse an chonartha nó ar feadh tréimhse an chonartha ar fad


    Cur síos oibre

Oibriú i gcomhar le comhpháirtithe an tionscadail agus leis an bpobal chun na cuspóirí straitéiseacha seo a leanas a bhaint amach, agus iad raonaithe faoi cheithre théama:

Daoine & Pobal

Tacú leis na pobail éagsúla agus leis na glúine éagsúla daoine a chónaíonn go háitiúil rochtain mhéadaithe agus rialta a bheith acu ar réimse saibhir agus éagsúil d’eispéiris ealaíon agus chultúrtha.

Deiseanna a chruthú d’ealaíontóirí áitiúla agus do dhéantóirí cruthaitheacha dul i dteagmháil go fóinteach leis an bpobal agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh agus iad ag forbairt agus ag fás a ngairmeacha beatha.

Éascú a dhéanamh ar ghrúpaí pobail ar mian leo oibriú le cleachtóirí cruthaitheacha chun a spriocanna aitheanta a bhaint amach trí chleachtas comhoibríoch.

Cultúr Cruthaitheach

Dul i ngleic le cleachtais agus cineálacha cur chuige nua chun a chinntiú go ndéanfar teanga thraidisiúnta phobal Uíbh Ráthaigh a neartú agus a athghiniúint trí thosaíocht agus tacaíocht a thabhairt do léiriú cruthaitheach sa Ghaeilge.

Oibriú le pobail nua Uíbh Ráthaigh, lena n-áirítear baill de phobal na hÚcráine lena chinntiú go mbeidh a n-oidhreacht chultúrtha uathúil mar chuid den phróifíl chultúrtha atá ag teacht chun cinn go háitiúil.

Bonneagar d’Fhorbairt Chultúrtha

Caidrimh oibre a chothú leis na líonraí áitiúla forbartha pobail leabaithe agus le hinstitiúidí áitiúla ealaíon a fhaigheann maoiniú poiblí.

Rialachas, Meastóireacht agus Inbhuanaitheacht

A chinntiú go ndéanfar pleanáil agus maoiniú straitéiseach do na healaíona, agus d’ealaíontóirí, a bheith áirithe go hiomlán agus i slí chomhtháite ar bhealach iomlánaíoch sa chreat pleanála foriomlán leanúnach don cheantar.

A chinntiú go mbeidh straitéisí gníomhacha dea-chleachtais i leith na nealaíon glasa mar aon le gníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn mar bhonn agus mar thaca ag tionscnaimh uile Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh.

 

Príomhfhreagrachtaí

  • Clár oibre a fhorbairt, leis an meitheal oibre, do gach ceann de na trí bliana a thógann ar thorthaí na tréimhse taighde agus forbartha, chomh maith le foghlaim leanúnach an chláir.

  • Comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar cur i gcrích an chláir oibre seo.

  • Obair ealaíontóirí, baill foirne tacaíochta agus tríú páirtithe eile atá ag gabháil do sheachadadh an chláir a chomhordú agus a bhainistiú.

  • A dheimhniú go ndéanfar an clár meastóireachta agus measúnaithe aontaithe a chomhtháthú go hiomlán sa chlár ón tús.

  • Monatóireacht agus bainistiú a dhéanamh ar bhuiséad an togra, i gcomhar leis an ngrúpa oibre agus Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.

 

Agus an ról sin á chomhlíonadh, tá sé ríthábhachtach go:

  • Lorgaítear ionchur an phobail ar fad, lena n-áirítear cleachtóirí ealaíon, agus go ndéantar breithniú ar riachtanais an phobail ar fad.

  • nDéanfar teagmháil leis an bpobal  i nGaeilge nó i mBéarla de réir mar a roghnaíonn siad, agus i máthairtheangacha eile nuair is féidir.

  • Bhfuil tiomantas ann go gcothófar agus go dtacófar le húsáid laethúil na Gaeilge sa phobal.

  • mBeidh leanúnachas ann ón  dtréimhse Taighde & Forbairt agus go mbeidh tógáil déanta air.

 

Tuairisciú, Acmhainní Breise agus Tacaíocht

Tuairisceoidh an Comhordaitheoir don ghrúpa stiúrtha agus do Bhainisteoir Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Beidh daoine teagmhála ainmnithe acu laistigh den ghrúpa stiúrtha agus beidh cruinnithe tuairiscithe agus pleanála míosúla nó sé seachtaine acu leis an ngrúpa. Áireofar sna cruinnithe sin comhaontú agus tuairisciú ar an gclár oibre leanúnach agus ar an gcaiteachas a bhaineann leis, nuashonruithe buiséid agus bileoga ama chomh maith le tuairisciú agus plé ar shaincheisteanna agus ar dheiseanna a thiocfaidh chun cinn.

Beidh buiséad an togra á bhainistiú ag an gComhordaitheoir agus faofa ag an meitheal, laistigh de chórais agus struchtúir airgeadais agus rialachais Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Cuirfear tacaíocht riaracháin maidir leis an mbuiséad ar fáil laistigh den tionscadal. Is trí EFT a dhéanfar gach íocaíocht.

Cuirfear Oifig agus spás cruinnithe le rochtain idirlín ardluais ar fáil i gteic@Uíbh Ráthach i mBaile an Sceilg.

Beidh tacaíocht riaracháin pháirtaimseartha tiomnaithe ag an tionscadal (2 lá sa tseachtain).

Gheobhaidh an tionscadal tacaíocht ó sheirbhísí comhairleora ealaíontóra ó réimse na n-ealaíon atá gníomhach go sóisialta agus ó mheastóir seachtrach a oibreoidh leis an tionscadal ón tús. Beidh an tionscadal i dteagmháil freisin leis an bhfoireann taighde don tionscadal Cumas Ceantar go náisiúnta agus leis an líonra náisiúnta Cumas Ceantar.

Éascóidh comhpháirtithe an tionscadail teagmhálacha laistigh den phobal agus cuirfidh siad teagmhálacha agus tacaíocht eile de réir mar is féidir agus is gá.

Cuirfidh comhpháirtithe an tionscadail a mbealaí cumarsáide ar fáil chun an obair a chur chun cinn.

 

Amscála

 

Is conradh fostaíocha ar théarma seasta é seo a mharfaidh ar feadh tréimhse 2 bhliain, ag tosú Feabhra 2025  Tá an ról solúbtha, ó 3-4.5 lá sa tseachtain ar an meán le linn na tréimhse sin. Aithnítear go mbeidh tréimhsí níos déine agus níos lú ann, agus go gcomhaontóidh an té a cheapfar agus an mheitheal sceideal, agus go ndéanfar athbhreithniú rialta orthu le linn thréimhse an chonartha chun an tsolúbthacht is gá a chinntiú. Is féidir roinnt cianoibre a éascú.

Scála Pá

Is é an ráta pá coibhéiseach lánaimseartha ná EUR 45,500 in aghaidh na bliana, agus íocfar tuarastal pro rata de réir an sceidil oibre chomhaontaithe (3-4.5 lá sa tseachtain).  Meastar, dá bhrí sin, go n-íocfar an tuarastal sa réimse idir EUR 27,300 agus EUR 40,950 pa. Uasmhéid EUR 93,480 thar théarma an chonartha, ÁSPC fostóirí san áireamh.

 

Cuirtear in iúl d’iarratasóirí:

 

Tá cóipeanna d’iarratas Cumas Ceantar an Chomhchoiste chuig an gComhairle Ealaíon, agus na doiciméid tacaíochta a bhaineann leo, ar fáil ach iad a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig ealain@comhchoiste.ie.

 

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a chur isteach le ríomhphost agus Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh mar líne ábhair chuig eolas@comhchoiste.ie faoin Céadaoin 22 Eanáir 2025 le CV atá cothrom le dáta

  • Sonraí breise maidir leis an taithí ábhartha go dtí seo

  • Cur chuige molta i leith an togra nach mó ná cúig leathanach clóscríofa A4 ina bhfuil cur síos ar an gcur chuige maidir le treoirphlean seachadta gairid, lena n-áirítear eolas / briseadh síos ginearálta buiséadach

  • An cur chuige atá beartaithe maidir leis an amlíne

  • Sonraí teagmhála (le seoltaí ríomhphoist & uimhreacha teileafóin) do bheirt mholtóirí

  •  

Critéir Roghnúcháin (pas nó teip)

 

Roghnófar iarratasóirí le dul ar aghaidh i gcomhair gearrliostaithe bunaithe ar ‘pas’ i ngach catagóir atá liostaithe thíos. Má tá ‘teip ag iarrtasóir in aon chatagóir ní bheidh deis acu dul ar an ngearrliosta. Déanfar iarratais ag an gcéad chéim seo a mheas mar seo  a leanas:

 Táthar ag súil go dtabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí ar an ngearrliosta le linn na seachtaine dar thús 27ú Éanair 2025.

Modhanna malartacha

Tá Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag iarraidh Comhordaitheoir Tionscadail a bhfuil taithí aige/aici a spreagadh tríd an bpróiseas seo. Mura measfar iarratasóir ar bith a bheith oiriúnach, tá sé de cheart ag an gComhchoiste modhanna earcaíochta eile a úsáid.

Fiosrúcháin

Seol ríomhphost chuig eolas@comhchoiste.ie le ‘Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh — ‘Comhordnóir’ mar ábhar.

Brí Uíbh Ráthaigh