Ciste Beag Ealaíona an Phobail 2024
Cumas Ceantar/Creative Places Uíbh Ráthaigh
Tá stádas Cumas Ceantar bronnta ag an gComhairle Ealaíon ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus ar an ceantar máguaird. Tá an clár forbartha trí bliana ar bun sa cheantar ó mhí Eanáir 2024 agus leanóidh sé ar aghaidh go dtí Eanáir 2027. Lena linn beimid ag obair le healaíontóirí agus le pobail áitiúla chun cultúr ealaíona pobalbhunaithe a saibhriú agus a bhuanú ar mhaithe le pobail uile Uíbh Ráthaigh.
I 2023 agus arís i 2024 cuireadh Ciste Beag Ealaíona ar fáil, ar mhaithe le healaíontóirí go príomha, a raibh suim acu tograí cultúra nua a fhorbairt, in éineacht le grúpaí ón bpobal, ar fuaid Uíbh Ráthach. Go dtí seo tá tacaíocht ón gCiste Beag faighte ag 28 togra shuimiúil, spleódrach.
Ag tógaint ar an obair atá forbartha ag an Ciste Beag, agus ag glacadh treoir ó aisghairm an phobail, tá ciste nua á sheoladh againn – Ciste Beag Ealaíona an Phobail 2024. Tá sé i gceist go mbeidh tacaíocht á chur ar fáil ag an ciste seo do ghrúpaí deonacha agus pobail, maraon le gníomhaithe ealaíona a chuireann ócáidí chultúra ar bun sa cheantar. Beidh sé i gceist gur i dtreó táillí ealaíontóra agus ábhair a bheidh an maoiniú seo dírithe.
Beidh an ciste seo ag tacú le himeachtaí a chuireann béim ar rannpháirtíocht an phobail, ócáidí a thabharfaidh deis do dhaoine taithí agus tuiscint shaibhir a fháil ar na healaín i gcoitinne nó ar genre amháin fé leith. Ba chóir go mbeadh saoráid ag baint le rochtan an phobail ar na himeachtaí seo, agus go mbeidh aitheantas á thabhairt do phobail uile an cheantair, le fáilte fé leith rompu siúd nách bhfreastalaíonn ar imeachtaí ealaíona go rialta.
Cé dó é seo?
Tá sé mar aidhim againn ár gceantar cumasach a shaibhriú trí líon na n-ócáidí chruthaitheacha a mhéadú agus breis deiseanna a spreagadh le go mbeidh níos mó daoine rannpháirteach sna healaín. Tá dua agus saothar nach beag i gceist lena leithéidí seo de thograí pobail a bhainistiú agus a riaradh. Go minic is ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne a tharaingíonn lucht a neagraithe an dua seo orthu fhéin. Má’s duine tú atá ag plé le himeachtaí ealaíona pobail a eagrú agus a bhainistiú, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit iarratas a dheanamh ar Chiste Beag na hEalaíona Pobail.
Fáiltímid go háirithe roimh smaointe nó tionscadail a bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh iontu.
Más ag tosnú amach atá tú, agus smaoineamh agat le haghaidh féile pobail nua, is baolach nach mbeidh an ciste seo oiriúnach duit. Ach, ba bhreá linn dá dtiocfá chun cainte linn agus seans go mbeimid in ann an tionscadal a fhás agus a fhorbairt id’ theannta!
Cumas Ceantar/Creative Places Ciste Beag Ealaíona an Phobail 2024
Tá an ciste beag maoine seo ag tacú leis na grúpaí pobail agus daoine aonair atá i mbun ócáidí agus féilte a eagrú in Uíbh Ráthach, ar bhonn seachbhradúsach.
Beidh ról le himirt ag na hócáidí seo i dtreó bonn níos láidre a chur fé an comhcheangal agus an caidreamh atá ag muintir an háite lena chéile agus lena náit dúchais.
Tá an ciste beag oscailte agus is féidir iarratas a dhéanamh ar chabhair airgid idir íosmhéid de €250 agus uasmhéid de €1,000 ag braith ar riachtanais agus uallmhian an togra. Beidh an próiséis seo iomaíoch agus moltar bheith ardalach ar na sonraí seo a leanas
· Ní foláir an imeacht a bheith á chur ar siúl in Uíbh Ráthach
· Ní foláir gnéithe ealaíona nó cultúra a bheith lárnach sa togra
· Ní foláir eolas sonrach ar na gnéithe ealaíona nó cultúra a sholathar
· Ní foláir an togra a bheith á riaradh ar bhonn sheachbhrabúsach
· Beidh an thionscadal ar siúl idir Meán Fhómhair 2024 agus Feabhra 2025
· Ní foláir doiciméadú a dheanamh ar an dtogra agus é a sholáthar do Chumas Ceantar má iarrtar é.
· Ní foláir fianaise ar dea chleachtas leabhar coimead a sholáthar
Beidh an rogha ann i gcónaí gan aon bhronnadh a dhéanamh mara n-oireann na hiarratais a cuirtear faoi bhráid.
Fáilteófar roimh iarratais roimh 5in Dé hAoine 30ú Lúnasa 2024
Conas iarratas a dhéanamh:
1. Tóg suntas don fhoirm iarratais ina bhfuil cur síos tugtha ar na treoirlinte agus ar na riachtanais faoi mar a bhaineann leis an scéim. Foirm iarratais ar fáil ag https://www.uibhrathach.ie/ga/cumas-ceantar
2. Dein do mhachnamh
3. Seol ríomhphost go dtí Foireann Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh ealain@comhchoiste.ie má tá aon cheist agat/agaibh maidir leis an gciste tacaíochta ealaíona seo
4. Líon isteach an fhoirm iarratais
5. Seol an t-iarratas críochniuil ar aghaidh go dtí ealain@comhchoiste.ie roimh 5in Déardaoin 29ú Lúnasa 2024
Fáilteófar roimh iarratais roimh 5in Dé hAoine 30ú Lúnasa 2024