GRADAIM BUAITE

Thar na mblianta tá go leor gradaim buaite ag an gComhchoiste as an obair atá ar siúl againn ó thaobh forbartha pobail de chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge.

I 2019 bhuamar duais €2000 ó Ghlór na Gael a bhí urraithe ag COGG, An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.  I 2020 bhuamar duais eile ó Ghlór na nGael, €3000, bhí an duais seo urraithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa chatagóir Sláinte Intinn agus Corp, b’aitheantas deas é seo don obair a rinneamar le cúramóirí clainne.   Comh maith leis sin tá Séala Teanga Eorpach bainte amach againn ó Léargas i mbliana don tionscnamh Saoire as Gaeilge (Irish Language Holidays) atá á rith againn ó 2013. Ina theannta sin bhuamar duais óir i gcomórtas Duaiseanna Pobail Chiarraí 2017 (as ár gcuid oibre i leith cur chun cinn na Gaeilge agus an oidhreacht/cultúr Gaelach).

Roimhe sin bhuamar duaiseanna i gcomórtas Ghlóir na nGael 2015 – Duais Fiontraíochta (as ár dtógra turasóireachta cultúrtha ‘Irish Language Holidays’) agus Duais COGG (as an obair atá á dhéanamh againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na nóg).

Bhuamar dhá duais i nDuaiseanna Pobail Chiarraí 2014 – An Duais Gaeltachta agus bhíomar i measc an 3 ghrúpa san iomaíocht don duais do eagraíochtaí a chuireann tacaíochtaí ar fáil do dhaoine le riachtanaisí ar leith sa phobal.  I 2013 bhuamar Gradam Speisialta Fiúntais sa chomórtas céanna.

Fógraíodh i Mí Bealtaine 2012 go raibh duais fiúntais buaite i gComórtas Tuaithe Náisiúnta 2012 de chuid an Irish Rural Link ag an gComhchoiste.  Comhghairdeas le príomh buaiteoirí an chomórtais – Pastime Chonamara agus Kerry Life Skills agus míle buíochas do IRL as an gcomórtas a eagrú!  Bhíomar thar a bheith sásta an scéal a chlos go raibh an duais céanna buaite againn sa chomórtas náisiúnta seo arís i 2013.

Ag ócáid in Óstán an Dromhall i gCill Áirne ar an nDomhnach 22 Aibreán 2012 bronnadh duais fiúntais (merit award) orainn as Múscailt Uíbh Ráthaigh a eagrú agus a rith i Mí na Samhna 2011.  Bhí áthas orainn casadh le aoi speisialta an lae, Miriam O’Callaghan ar an lá sin freisin!  Is é seo an tríú bhliain as a chéile go bhfuil duais buaite againn sna gradaim seo, rud go bhfuilimid fíor bhródúil as!


Mí Feabhra 2012 bhronn Glór na nGael duais €3,000 orainn as an obair atá déanta le blianta beaga anuas againn ó thaobh na Gaeilge de.  Bhíomar ar an ngearr liosta de chúig choiste ó cheann ceann na tíre don príomh duais, rud a chuir áthas an domhain orainn ann féin!

Ag ocáid Ghlóir na nGael i mBéal Feirste i Mí Márta 2010 bronnadh Duais  Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí ar an gComhchoiste.

Don tarna bhliain as a chéile, d’éirigh go hiontach leis an gComhchoiste i gcomórtas Duaiseanna Pobail Chiarraí 2011.  Ar an nDomhnach 10/04/2011, bronnadh na duaiseanna seo a leanas orainn ag ócáid a bhí eagraithe ag Comhairle Contae Chiarraí in Óstán an Dromhall i gCill Áirne:

1ú duais i Rannóg Fiontraíochta & Nuálaíochta

Gradam na Gaeltachta

Duais tánaisteach sa Rannóg Oidhreachta.

 

Bhí áthas an domhain orainn gur tugadh deis dúinn casadh le Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa i Mí Iúil 2011 toisc go rabhamar i measc na ngrúpaí a bhfuair gradaim sa chomórtas.  Ba mhór an phribhléid a bhí ann agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Rannóg Pobail & Deonach i KCC as an ócáid iontach seo a eagrú.