PLEAN TEANGA CHIARRAÍ THEAS

 
 
 

Brí Uíbh Ráthaigh
Plean Teanga Chiarraí Theas

Is í príomhaidhm Phlean Teanga Chiarraí Theas 2019-2026 ná cur le forbairt Uíbh Ráthaigh trí úsáid na Gaelainne a mhéadú sa cheantar.

Léiríonn daonáireamh 1851 go raibh Uíbh Ráthach i measc na ceantracha i láidre ó thaobh labhairt na Gaelainn, níos láidre, mar shampla, ná Corca Dhuibhne.

Léiríonn daonáireamh 1926 go bhfuil 74% ina gcainteoirí Gaelainn i gCeantar Tuaithe Chathair Saidhbhín. Níos déanaí, áfach, tháinig ladhdú tapaidh ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Tá líon na gcainteoirí Gaelainne ag dul i laghad le blianta anuas agus de réir daonáirimh 2016 tá 121 cainteoir laethúil Gaelainne lasmuigh den gcóras oideachais i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, sin tuairim is 7% den daonra. 

Ciallaíonn sé seo go bhfuil duine as 15 ina chainteoir laethúil Gaelainne agus tá cumas labhartha Gaelainne ag 9 as 15.

Screenshot 2021-06-21 at 14.39.31.png

Is é an cuspóir atá ag an bPlean Teanga ná líon na gcainteoirí laethúla agus líon na ndaoine a bhfuil cumas labhartha Gaelainne acu a mhéadú chun iad seo a thabhairt do mhuintir Uíbh Ráthaigh: 

  • buntáistí an dátheangachais; 

  • nasc leis an dúthaigh; 

  • fíor-rogha idir an dá theanga.

Tá sé tábhachtach go bhfuil líon suntasach daoine a bhfuil Gaelainn acu lasmuigh den Ghaeltacht ach istigh sa cheantar nádúrtha teangeolaíoch – an ceantar mar atá sé muna mbristear na nascanna atá idir na pobail. Cuirimíd fáilte roimis na daoine sin páirt gníomhach a ghlacadh sna gníomhartha atá ullamhaithe sa Phlean.

 

Cad atá sa Phlean? What is in the plan?

An tAos Óg:

  • Clubanna óige

  • Ócáidí sóisialta leis an teanga a úsáid lasmuigh den seomra ranga

  • Féilte do dhaoine óga

  • Tacaíocht do na scoileanna atá ag cur Polasaí don Oideachas Gaeltachta i bhfeidhm.

  • Tacaíocht do leanaí i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht chun go bhféadfaidís leas a bhaint as an Ionad Lán-Ghaeilge i gColáiste na Sceilge.

  • Tacaíocht a thabhairt don Aonad Lán-Ghaeilge chun go mbeadh sé ag feidhmiú go dtí leibhéal na hArdteiste agus go múineofaí gach ábhar trí mheán na Gaeilge.


An Teaghlach:

  • Ócáidí sóisialta do theaghlaigh a thógann clann le Gaelainn

  • Tacaíocht do thuismitheoirí ar mhaith leo níos mó Gaelainne a labhairt leis na leanaí

  • Tacaíocht do na naíolanna agus na naíonraí feidhmiú trí Ghaelainn


Deiseanna foghlama do dhaoine fásta:

  • Grúpaí comhrá

  • Cúrsaí teanga de shaghsanna éagsúla – fada agus gairid, ginearálta agus saindeartha, príobháideacha agus do chomhlachtaí

  • Traenáil do thraenálaithe teanga


An Gnó:

  • Cabhrú le haistriúchán cláracha bia, fógraí, cáipéisí

  • Cúrsaí saindeartha gairide don bhfoireann 

  • Fógraí ‘Seirbhís trí Ghaelainn’


Ócáidí sóisialta:

  • Maidineacha caife 

  • Ceolchoirmeacha

  • Léachtanna

  • Comhdhálacha

  • Oícheanta scéalaíochta

  • Ranganna yoga, rince srl.


An Eaglais:

  • Cabhrú le níos mó Gaelainne a úsáid sna seirbhísí eaglasta


An Cultúr:

  • Ceardlanna seanraí traidisiúnta Gaelacha do shean agus óg 

  • Ceolchoirmeacha

  • Léirithe scannáin

  • Comórtais litreatha


An Spórt:

  • Scéim mheantóireachta do na clubanna áitiúla spóirt agus tacaíocht chun go bhféadfadh na clubanna níos mó Gaelainne a úsáid


1,700 Duine – 1,700 Plean Teanga 

Tá os cionn 1,700 duine istigh sa Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus an toradh is fearr a bheadh ar an bPlean Teanga Chiarraí Theas ná go mbeadh os cionn 1,700 Plean Teanga aonar – go mbeadh Plean Teanga dá gcuid féin ag gach duine in Uíbh Ráthach. 

Ní mhaireann teanga i leabhair agus i ngraiméir

Is i ndaoine a mhaireann sí, ionainn féin,

Ins gach aon duine againn.

Agus is é gach aon duine againn 

an Ghaeilge.

You are the Irish language

Is tusa an Ghaeilge

 

Teagmháil:

Oifigeach Pleanála Teanga – Victor Bayda


Is féidir an Plean a íoslódáil anseo.