Ranganna Gaeilge do Dhaone fásta

Ceangail le d’oidhreacht 

Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl san Ionad Seirbhís Teanga go rialta do fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal ó thosaitheoirí go caighdeán ard.


Saoire Clainne as Gaeilge-Ciarraí Theas

AR MHAITH LEAT DO GHAEILGE A FEABHSÚ? NÓ AR MHAITH LEAT GAEILGE A FHOGHLAIM Ó THÚS?

Tá an Saoire as Gaeilge ar siúl i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí. Tá níos mó cúrsaí do dhaoine fásta agus agus clainne pleanáilte againn- tá tuilleadh eolais ar fáil ar ár suíomh.


Cúrsaí teanga do ghrúpaí scoile

CÚRSAÍ TEANGA DON TEASTAS SÓISEARACH AGUS DON ARDTEISTIMÉIREACHT.

Cúrsa tiomnaithe do dhaltaí.  Gach bliain bíonn dian chúrsa Gaeilge pleanáilte do dhaltaí atá ag ullmhú don mheánscoil a thosnú.  Is comhfhiontar é seo idir Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus an Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.  Tá dhá chuid leis an gcúrsa seo.

  • Cúrsa seachtainiúil i rith na scoil bhliana (rang uair a chloig tar éis scoile)

  • Seachtain sa Ghaeltacht i mBaile an Sceilge.


Tacaíocht teanga sa bhunscoileanna

Tugagh seirbhís tacaíochta Gaeilge sna Scoileanna Gaeltachta leis na blianta anois. Tá an seirbhís seo ar fáil sna Gaeltachtaí ar fad i gcúige Mumhan.


Tionscadail Ealaine

CRITHLIONNAIR

Seo é tionscadal ealaine Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Rathaigh ó Mheán Fómhair 2011. Bhí an t-ealaíontóir Róisín Ní Chionnfhaolaidh ag obair linn ar an tionscadal seo. Is as Port Láirge do Róisín ach conaíonn sí anois i mBaile an Sceilg. Thosaigh Róisin an tionscadal seo agus cheangail sí é le Patrún Mhichíl I mBaile an Sceilg agus spreag sí muintir na háite potaí cré a dhéanamh, i rith aifreann Mhichíl, scaoileadh iad san fharraige in aice leis an gcaisléan.


UÍBH RÁTHACH AG CAINT

Gaeilge agus Gnó

Is tionscnaíocht é seo  a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí sa cheantar chun níos mó Gaeilge a úsáid go leathúil.

Tá 25 gnó aitiúil cláraithe leis an scéim seo- más maith leat a bheith páirteach linn.