Timpeallacht agus fuinneamh

Is é ceann de na cuspóirí is tábhachtaí do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Rathaigh ná an timpeallacht a bhuanú sa cheantar agus eolas a roinnt le daoine timpeall na háite ar chleachtas timpeallachta.

Táimid I gconaí ag iarraidh a bheith gnóthach áfach, agus tá céimeanna tógtha dúinn chun na cuspóirí seo a bhaint amach.

Údáidimid córas téimh geoiteirmeach san oifig. Tá feachtas caomhnú fuinnimh ar siúl againn faoi láthair lenár bhfoireann oifige.  Bhí geadáin trialacha Miscanthus ag fás againn ó 2009.

Eagraímid seisiúin eolais poiblí ar an timpeallacht agus ar cheisteanna fuinnimh.