Seirbhísí Pobail

Tugann coistí pobail forbartha, coistí pobalchúram agus Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh raon leathan seirbhísí pobail timpeall na háite i gcomhpháirtíocht lena céile agus le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, Solas agus Pobal.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a gabháil le hÚdarás na Gaeltachta, Pobal (RSS & CSP), Solas (SFP) agus an Roinn Coimirce Sóisialaí a thug tacaíocht mhór leanúnach dúinn.

 

SEO A LEITHÉAD DE RUD A THARLAÍONN SNA SEIRBHÍSÍ POBAIL….

  • Tá béilí ar rothaí ar fáil i gCathair Dónall dé Máirt agus dé hAoine agus i mBaile an Sceilge de Luain agus Déardaoin. Tá sé ar fáil sa Ghleann dé Máirt, sa Dromod dé Máirt agus sa Choireáin Dé Máirt, Dé Chéadaoin, Déardaoin agus dé hAoine.

  • Bíonn seirbhís níocháin ar siúl go leathúil sa Ghleann, i mBaile an Sceilge, sa Choireáin agus sa Dromod.

  • Tugtar cuairt ar dhaoine aosta timpeall na háite.

  • Déanann an foireann SST postanna cothabhála beaga ar bhunús riachtanais.

  • Tá cúram faoisimh ar fáil do chúramóirí clainne. Cuir glaoch ar an oifig, Áine nó Micheaillín 066 9474888

  • BIleog seirbhísí daoine fásta, Márta 2019. Is bileog eolais é seo a d'fhorbraíomar i 2011 chun cabhrú le daoine aosta agus cúramóirí clainne sa cheantar. Tá an leagan reatha ar fáil anois chun íoslodáil a forbraíodh i mí Márta 2018.