Scéim Bhruscair

I 2006 bhí sé soiléir go raibh fadhb suntasach sa cheantar ó thaobh bhainistiú bruscair agus dramhaíola de. Bhí go leor dumpála mídhleathach ar siúl comh maith leis an nós coitianta a bhí ann i dtaobh bhruscair tí a dhó. Níl seirbhís bailiúcháin bhrúscair ag freastal ar gach áit sa cheantar agus bhí bearna tábhachtach le líonadh.


Dhein an Comhchoiste teagmháil leis an rannóg timpeallachta i KCC agus tar éis go leor cruinnithe, cur agus cúiteamh bunaíodh Scéim Bhruscair Uíbh Ráthaigh mar chomhfhiontar idir 5 phobal áitiúil faoi stiúir an Chomhchoiste – Baile ‘n Sceilg, Cathair Dónall, An Coireán, An Dromod agus na Cealla.

D’imigh an scéim “beo” ar an 03/04/2006 agus ó shin i leith d’éirigh go hiontach leis an scéim. Bhí an céad samhraidh i bhfad níos gnóthaí ná mar a bhíomar ag súil leis agus bhí orainn an tarna fostaí faoin Scéim Shóisialta Tuaithe a thabhairt isteach chun cabhrú le rith an tionscnaimh. I 2010 tháinig muintir na Snaidhme ar bord, i 2013 thosaigh an scéim i mbun oibre sa Ghleann agus anois tá an scéim faoi lán tseoil sna seacht pobal seo.

KWD Recycling now operates the collection service


Tá málaí bruscair agus málaí le haghaidh ábhair athchúrsála ar díol ós na hIonaid Pobail agus sna siopaí áitiúila sa, Choireán, An Gleann, na Cealla, Cathair Dónall agus an tSnaidhm.

Tá ísliú ag teacht ar phraghas na málaí éagsúla don scéim seo ón 01.05.12:

  • Málaí glasa athchúrsála – Green Recycling Bags €3 (down from €3.50)

  • Málaí donna don dramhaíola – Brown residual waste bags €5 (down from €7)

  • Málaí beaga donn – small brown residual bags €3 (down from €4)

All service users are encouraged to purchase their bags in the local shops near to where the bins are located. This is vital to the viability of the scheme. It is the local committee which benefits from the scheme and any profits generated are used for local projects. Each local committee pays KWD per lift of the bins therefore it is vital that the bags are purchased locally.

Francie Barry ag obair ar Scéim Bhrúscair Uíbh Ráthaigh