Uíbh Ráthach

Is áit ársá agus álainn í Uíbh Ráthach.  Seo an áit a tháinig na Clanna Mhíle, nó na céad Gaeil go hÉirinn dar le miotaseolaíocht ó ‘Lebor Gabála Érenn’.  Bhí lárionad staire Corca Dhuibhne lonnaithe anseo, treibh a bhí i gcumhacht comh fada leis an leithinis ó thuaidh, leithinis le hainm na treibhse anois.  Tá saibhreas béaloideas insan ceantar- tagann ceann de na seanchaí is cáiliúla in Éirinn as an gceacntar seo, Seán Ó Conaill.

Fear eile a bhí an-chailiúil ó thaobh béaloideas na hÉireann ab ea Séamus Ó Duilearga, fear a bhí ceangailte go láidre leis an gceantar. Bhunaigh sé Coimisiún Béaloideasa Éireann agus d’eagair sé Leabhar Sheáin Í Chonaill, a usáidtear mar theacsleabhar de dhaltaí an bhealoidis. Is amhránaithe éirimiúla iad muintir Uíbh Ráthaigh comh maith. Tá cáil ar amhráin na háite ar fud na tíre, amhráin ar nós “Amhrán na leabhar”, agus “Maidin Bhog Álainn” a scríobh Tomás Rua Ó Súilleabháin as Cathair Dónall, agus, amhráin ón Dromaid “Bó na leathadhairce”.

Dar le daonáireamh 1926, labhair 74% den daonra in Uíbh Ráthach Gaeilge.  Nuair a scríobhadh na teorainneacha i 1956 áfach, fágadh cuid mhór den leithinis as an nGaeltacht.  Fágadh Gaeltacht ghiobalach anseo is ansiúd gan sráidbhaile, gan baile, agus ní ba thábhachtaí, gan aon institiúid iarbhunscoile.

Bunaíodh féile cultúrtha nua, Éigse na Brídeoige, i 1992.  Spreag an féile seo muintir na háite agus thuig siad tábhacht na Gaeilge i leithinis Uíbh Ráthaigh.  Chruthaigh sé nascanna le ceantreacha Gaeltachta eile agus le cainteoirí Gaeilge go ginearálta.  

Ba é coiste an fhéile seo a thosaigh mar bhonn do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i mí Aibreáin 1998, agus, sheasadar mar ionadaithe de phobail na Gaeltachta i gCiarraí theas.