Seirbhísí taistil

 

Cheadaíodh deontas faoi scéim na gCuntas Díomhaoin don Chomhchoiste chun bus atá in oiriúint do phaisinéirí le míchumas a cheannach. Beannaíodh an bus ar an 12.07.07 agus ó shin i leith tá sí ag tabhairt grúpaí daoine isteach go dtí na hIonaid Lae le haghaidh béiltí agus seirbhísí eile, i gcomhar le hIompar Pobail Chiarraí.

Dé Luain:

Seirbhís go hIonad Lae Bhaile ‘n Sceilg dhá Luan sa mhí

Dé Máirt:
Ionad Lae an Ghleanna gach seachtain

Dé Céadaoin:
Seirbhís go Halla Chathair Dónall uair sa mhí

Déardaoin:
Ionad Lae Bhaile ‘n Sceilg gach seachtain

Dé hAoine:
Seirbhís go Halla Chathair Dónall uair sa mhí

Is bus é seo atá insroichte go hiomlán.  Tá ardaitheoir ar chúl a ligeann do úsáideoirí cathaoir rothaí teacht ar an mbus gan an cathaoir a fhágaint, tá an ardaitheoir cabhrach comh maith doíbh siúd a bhíonn deacrachtaí acu a bheith ag siúl.  Tá an bus ar fáil ar cíos go príobháideach comh maith do dhaoine/clainne le riachtanais speisialta , mar shampla má théann siad go Cathair Saidhbhín,  Dairbhre, Baile an Mhuileann le haghaidh faoiseamh chónaitheach.  Má tá gá leat an bus a úsáid ag aon phointe, bí i dteagmháil leis an oifig le haghaidh níos mó eolais. 

I 2012 thosaíomar ag soláthar seirbhíse cúig lá sa tseachtain ós na gceantracha éagsúla in Uíbh Ráthach go dtí Ospidéal Naomh Áine i gCathair Saidhbhín.

Tá bus nua eile ceannaithe againn ó Mhí na Nollag 2014, agus an ceann seo oiriúnach freisin chun daoine le míchumas a iompar go héasca.  Táimid an bhuíoch do gach éinn a thug deontais pearsanta dúinn agus do Andrew Scattergood a bhailigh geall le €1,000 dúinn chun dul i dtreo chostais an bhus nua seo agus é san iomaíocht do mhéara Bhaile ‘n Sceilg.  Go raibh míle maith agat Scatz!