Ceardlann leis an ealaíontóir Deirdre O Mahony

Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh

Tá an cheardlann seo curtha ar ceal

I dtreó Cleachtas Ealaíne Inbhuanaithe a Fhorbairt i gComhthéacs Tuaithe – Ceardlann leis an ealaíontóir Deirdre O Mahony

 

Ócáid:            Ceardlann Cruthaitheachta do Ealaíontóirí atá lonnaithe i gCo.Chiarrai

 

Ionad:              Teic Amergin, An Corrán, Co Chiarraí V23 A243

 

Dáta agus Am:  Déardaoin 9ú Bealtaine 10am – 1in

 

 

Cuirtear an ceardlann seo ar fáil do ealaíontóirí atá ag obair i gContae Chiarraí. Beidh cur i láthair á dheanamh ar mhodhanna chun chleachtas ealaíona a fhorbairt atá inbhuanaithe, pobal bhunaithe agus socair i gcomhthéacs tuaithe. Beidh ábhair plé i dtaobh taighde comhoibríoch, saincheisteanna i dtaobh smaointe a roinnt, chomh maith le buntáistí agus mí bhuntaistí a bhaineann le gréasáin tacaíochta idir- ealaínteóir.

 

Is fís ealaíontóir í Deirdre O Mahony le cleachtas atá tógtha le inbhuanaitheacht na tuaithe, feirmeoireacht, slándáil bidh agus an caidreamh idir na ceantar tuaithe agus ceantair nách iad. Tá iniúchadh triocha bliain déanta aici ar éiceolaíocht pholaitiúil sna ceantair tuaithe, le cur chuige atá bunaithe ar rannpháirtíocht an phobail, suiteáil cartlainne agus íomhánna gluaiste, scríbhneoireacht chriticiúil agus táirgíocht chultúra.

 

Taispeántas reatha le Deirdre O Mahony i nGealairí Douglas Hyde

https://thedouglashyde.ie/exhibition/deirdre-omahony/

https://www.irishtimes.com/culture/art/

 

Tograí agus Taispeántais eile  https://deirdre-omahony.ie/

 

Is é seo an dara cheardlann i sraith atá á chur ar fáil ag Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh roimh Glaoch Oscailte a bheidh dírithe ar dhámhachtaí nua do thograí thaighde-bhunaithe i réimse na healaín agus an éiceachóras. Eolas fé’n chéad imeacht sa tsraith, ar siúl ar an 30ú Aibreán, ar fáil anseo https://www.uibhrathach.ie/ga/cumas-ceantar

 

Cuireann Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh na himeachtaí seo ar fáil saor in aisce ach ní foláir d’áit a chur in áirithe ag ealain@comhchoiste.ie

 

 

Niamh N