Post Chomhordaitheoir 'Cumas Ceantar' in Uíbh Ráthach

Comhordaitheoir ‘Cumas Ceantar’, Gaeltacht Uíbh Ráthaigh

Spriocdháta d’iarratais: Déardaoin, 27 Iúil 2023

Tá Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag iarraidh Comhordaitheoir a fhostú don togra 3

bliana ‘Cumas Ceantar’ (Creative Places) i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Is ról ríthábhachtach é seo a bheidh ag plé le na pobail áitiúla, lena n-áireofar oibrithe agus

cleachtóirí ealaíon agus cultúrtha go háitiúil chomh maith le príomheagraíochtaí forbartha

áitiúla agus réigiúnacha.

Beidh an ról páirtaimseartha agus solúbtha, idir 3-4.5 lá sa tseachtain ar an meán, de réir

mar a aontófar de réir riachtanais an tionscadail. Conradh fostaíochta 36 mhí ar théarma

seasta a bheidh ann, agus beidh raon feidhme teoranta aige maidir le leathnú/ciorrú.

Tabharfar tosaíocht d’iarrthóirí gur féidir leo feidhmiú trí Ghaeilge.

Is féidir na sonraí poist a lorg nó ceisteanna a chuir go aine@comhchoiste.ie agus ‘Cumas

Ceantar Uíbh Ráthaigh — Comhordnóir’ a chuir mar ábhar an ríomhphost.

Brí Uíbh Ráthaigh