Ciste Beag Ealaíona 2024

Cumas Ceantar/Creative Places Uíbh Ráthaigh

Tá stádas Cumas Ceantar bronnta ag an gComhairle Ealaíon ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus ar an ceantar máguaird. Tá an clár forbartha trí bliana ar bun sa cheantar ó mhí Eanáir 2024 agus leanóidh sé ar aghaidh go dtí Eanáir 2027. Lena linn beimid ag obair le healaíontóirí agus le pobail áitiúla chun cultúr ealaíona pobalbhunaithe a saibhriú agus a bhuanú ar mhaithe le pobail uile Uíbh Ráthaigh. 

I rith na tréimhse taighde agus forbartha de chuid an chláir Cumas Ceantar i 2023, osclaíodh Ciste Beag Ealaíona ar mhaithe le deiseanna a chur ar fáil do mhuintir na haite chun tuairimí nua a fhás agus chun tograí chruthaitheacha a fhorbairt a chuaigh chun leasa an cheantair. Bhí éileamh thar na bearta ar an gciste seo agus d’éirigh linn tacaíocht a thabhairt do raidhse tograí éagsúla, ina measc filíocht sna scoileanna, ceardlanna potadóireachta, taispeántais ealaíona, féile focal labhartha, ceardlann tógáil báid, ealaín ar an dtráigh, ócáidí ‘mic’ oscailte, togra ceoil don bpobal agus cuireadh tús le cosán ceoil a leathnóidh ar fuaid na leithinse  – i measc rudaí eile!

Ag tógaint ar a baineadh amach le linn 2023, tá glaoch nua á fhógairt anois – Ciste Beag Ealaíona 2024 a thabharfaidh breis tacaíochta do ghrúpaí agus d’ealaíontóirí lena gcuid tuairimí a fhás, a gcuid tograí ealaíona a fhorbairt agus chun deiseanna nua a shamhlú agus a cheapadh a chuirfidh dlús fé imheascadh agus caidreamh sa phobal.

 Cumas Ceantar/Creative Places Ciste Beag Ealaíona 2024

Tá an ciste beag maoinithe do na healaín pobal bhunaithe seo á fhógairt chun tacú le tograí ealaíona agus cultúrtha a bheidh nualaíoch, cruthaitheach agus dírithe ar an bpobal áitiúil, chun bonn níos láidre a chur fé an comhcheangal agus an caidreamh atá ag muintir an háite lena chéile agus lena náit dúchais.

 

Tá an ciste beag oscailte anois le síol chiste de luach suas le €20,000 á chur ar fáil do mhuintir Uíbh Ráthaigh. Is féidir iarratas a dhéanamh ar chabhair airgid idir íosmhéid de €250 agus uasmhéid de €2,000 ag braith ar riachtanais agus uallmhian an togra. . Beidh an rogha ann i gcónaí gan aon bhronnadh a dhéanamh mara n-oireann na hiarratais a cuirtear faoi bhráid.

 Fáilteófar roimh iarratais roimh 5in 15ú Bealtaine 2024

Cé dó é seo?

Tá sé mar aidhim againn ár gceantar cumasach a shaibhriú trí líon na n-ócáidí chruthaitheacha a mhéadú agus breis deiseanna a spreagadh le go mbeidh níos mó daoine rannpháirteach sna healaín. Beidh tacaíocht ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar thograí atá ar bun cheanna fhéin ach atá anois ar tí dul chun cinn sa bhreis a dhéanamh, chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine chun triail a bhaint as tograí nua, le hócáid nó le gníomhaíocht bheag a chur ar siúl.  D’fhéadfadh an ciste seo cabhair a thabhairt le saineolas agus comhairle seachtrach a fháil le haghaidh smaoineamh a fhorbairt, d’fhéadfai trealamh a cheannach nó a thógaint ar cíos dá gcabhródh san leis an bpobal a choimeád ceangailte agus tumtha sna healain. Is féidir é a usáid le haghaidh ábhair a cheannach, acmhannaí nó seribhísí meantóireachta a earcú, na rudaí atá de dhíth chun chuncoincheap a fhorbairt. Ní gá gur smaointe nua glan a bheidh anseo, ach ni foláir treochlár na forbartha a léiriú dos na céimeanna a bheidh le tógaint chun an togra a fhorbairt agus a fhás.

 

Fáiltímid go háirithe roimh smaointe nó tionscadail a bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh iontu.

 

Cé ba cheart iarratas a dhéanamh? 

Is do mhuintir Uíbh Ráthaigh idir na Cealla agus an Siopa Dubh an ciste forbartha ealaíona seo – grúpaí nó daoine aonair atá curtha fúthu anseo nó ag obair anseo. Tá an tacaíocht dírithe ar thograí a cuirfear ar bun anseo agus a raighfidh chun leasa muintir na háite. Tá an ciste seo oiriúnach do ghrúpaí, eagrais nó d’ealaíontóirí ach suim a bheith acu tabhairt fé thogra nua cruthaitheach. Is é an pobal croílár coincheap an Cumas Ceantar agus caithfidh smaointe  a bheith oscailte d’ionchur na ndaoine áitiúla agus baint a bheith acu leo.

 

 Conas iarratas a dhéanamh:

1.    Tóg suntas don fhoirm iarratais ina bhfuil cur síos tugtha ar na treoirlinte agus ar na riachtanais faoi mar a bhaineann leis an scéim.

2.    Dein do mhachnamh ar do thogra ealaíona agus ar cad ba mhaith leat/libh a bhaint amach

3.    Seol ríomhphost go dtí Foireann Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh creativeplacesur@gmail.com má tá aon cheist agat/agaibh maidir leis an gciste tacaíochta ealaíona seo

4.    Líon isteach an fhoirm iarratais

5.    Seol an t-iarratas críochniuil ar aghaidh go dtí  creativeplacesur@gmail.com roimh 5in Dé Céadaoin 15ú Bealtaine 2024

 

Fáilteófar roimh iarratais roimh 5in 15ú Bealtaine 2024

Brí Uíbh Ráthaigh