Folúntas Cuntóra Togra le Cumas Ceantar

Tá folúntas ag Comhchoiste Ghaeltachta Uíbh Ráthigh do Chúntóir Togra ar thogra Cumas Ceantair Uíbh Ráthaigh ar bhunús conradh sainchuspóra suas le 30 mhí.

 

Cumas Ceantar bronnta ag an gComhairle Ealaíon ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus ar an ceantar máguaird. Tá an clár forbartha trí bliana ar bun sa cheantar ó mhí Eanáir 2024 agus leanóidh sé ar aghaidh go dtí Eanáir 2027. Tá an clár seo á bhainistiú ag Comhchoiste Ghaeltachta Uíbh Ráthaigh, fé stiúir grúpa oibre ó earnáin an fhorbairt pobail agus na healaín. Beidh foireann Cumas Ceantar  ag obair le healaíontóirí agus le pobail áitiúla chun cultúr ealaíona pobalbhunaithe a saibhriú agus a bhuanú ar mhaithe le pobail uile Uíbh Ráthaigh. 

 

Tá coomhordóir fostaithe ag an togra ó mhí Eanair, anois tá Cúntóir Tionscadail á earcú le tacú le dul chun cinn an clár oibre forbartha, i gcomhpháirtíocht leis na pobail áitiúla, na healaínteoirí agus le foireann uile an togra.

 

An Ról

 

Beidh an cúntóir togra ag tacú le comhordaitheoir Cumas Ceantair Uíbh Ráthaigh chun dul i bhfeidhim ar ghrúpaí pobail, ealaínteoirí agus ar mhuintir na háite. Beidh dualgaisí riaracháin i gceist leis an ról, mar a bhaineann le buiséad an togra agus an clár oibre a dhoiciméadú. Beidh cothabháil ar na hárdáin ghréasánbhunaithe agus na meáin shoisialta i gceist chomh maith. Beidh ar an té a ceapfar tacú leis an coomhardaitheóir, le áisitheóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí poiblí mar shampla ceardlainn ealaíona agus comhairliúcháin sa tslí go mbeidh rannpháirtíocht na healaínteóiri agus baill an phobail á eascú.

 

Is iad Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh a bheidh ag earcú agus ag fostú an té a ceapfar i ról an Cúntóir Tionscadailar thogra Cumas Ceantair Uíbh Ráthaigh, le tacaíocht feidhmeach ar fáil ó comhordaitheóir Cumas Ceantar. Beidh an té a ceapfar ag tuairisciú don gComhchoiste, agus ag obair lastaigh de ghnáth théarmaí fostaíochta agus rialachias na heagraíochta sin.

 

I measc na dualgais a bheidh i gceist áireófar na nithe seo a leanas, agus d’fhéadfaí go n-iarrfaí ar an té a ceapfar dualgais eile a chomhlíonadh mar is ábharach ó am go chéile agus é nó í sa phost:

 

Oibriú i gcomhar le Comhordaitheóir Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh chun:

 

·      Córais a fhorbairt chun cúntas a choimeád ar thaifead ar mhaithe le dearialachtas a chinntiú  agus tuairisciú cruinn a dheanamh do mhaoinitheóiri agus do gheallsealbhóiri

·      Cúntas cruinn a choimeád ar ghníomhaíochtaí, chomh maith le monatóireacht leanúnach a dhéanamh orthu.

·      Obair as láimh le foireann an Comhchoiste le cinntiú go ndeanfar tuairisciú agus comhdú maoine mar is cóir.

·      Obair as láimh le foireann an Comhchoiste le cintiú go mbeidh grinnfiosrúcháin an Gárda Síochána comhlíonta ar ealaínteoiri agus ar dhaoine ábhartha eile, go bhfuil siad slán ó thaobh cánach de agus nách bhfuil aon bhac ar íocaíochta a dhéanamh leo

·      Tacú le oibrithe deonacha ar mhaithe le slánú an togra agus é a fhorbairt

·      Margaíocht agus cumarsáid thráthúil, fáiltiuil, taitneamhach a riaradh sna meáin chlóite agus leictreonacha thar na hárdáin uile

·      Inchur rialta i gcur chun cinn an togra, ról ghníomhach a ghlacadh sa phróiséis

·      Mapáil a dhéanamh ar shochmhainí pobail aus cultúra áitiúil

·      Inchur sa phróiséis agus maoiniú breise á éileamh don dtionscadal

·      Inchur sa phróiséis trína ndáilfear maoiniú cistí síl

·      Oibriú leis na comhordaitheoir agus le daoine eile chun dul chun cinn an chláir agus tograí a mheas

·      Tá Gaeilge mhaith scríbhte agus labhartha riachtanach don bpost

 

Láthair na hOibre

Déanfar láthair agus uaireannta na hoibre a phlé agus a aontú leis an comhordaitheoir. Beidh deis ann obair riaraitheóireachta agus eile a dhéanamh ón baile, agus beidh rogha ann deasc i nGTeic na Dromada a úsáid chomh maith. Ó uair go chéile, beidh an cúntóir togra ag obair i láthair agus i hallaí pobail éagsúla, in Uíbh Ráthach

 

Conradh Oibre

Mairfidh an conradh oibre ar feadh bliana ar dtúis, ó Bhealtaine 2024 go Bealtaine 2025. Is conradh téarma shocraithe é, le tréimhse profa de 3 mhí. D’fheadfai síneadh a chur leis go dtí an tionscadail i Mí Eanair 2027. D’fhéadfai go mbeidh painéal a bhunú chun an post seo agus aon fholúntas eile amach anseo a líonadh le Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh.

 

TUARASTAL

Beidh €20 in aghaidh na huaire á íoc leis an té a ceapfar, bunaithe ar 14uair sa tseachtain.

 

UAIREANNTA OIBRE

Beidh 56 uear a chloig in aghaidh na míosa i gcesit leis an conradh seo. D’fhéadfadh go n-iarrfaí ar an té a ceapfar oibriú lasmuigh de ‘ghnáth uaireannta oifige’ ar uairibh, sé sin thar deireadh seachtaine nó tráthnóintí. Beidh na huaireanta uile a oibreofar faoi réir fhorálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997 agus an Achta um Eagrú Ama Oibre (Rialacháin) 2001.

 

SAOIRE BHLIANTIÚIL

Tá an té a ceapfar i dteideal saoire bhliaintiúil de 20 lá in aghaidh na bliana nó 8% ar bhonn pro-rata don tréimhse oibre. Tabharfar fógra go bhfuiltear ag dul ar saoire don bainisteóir líne, coicíos ar a laighead roimh a thús. Beidh coinialacha mar a bhaineann le saoire bhliaintiúil, íocaíocht ar shaoire bhliaintiuil agus socruithe fé laethanta saoire poiblí faoi rialú ag forálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1977 (arna leasú).

 

Spriocdháta

Seol CV agus léiriú suime go ealain@comhchoiste.ie roimh 5in 29ú Aibreán 2024

Brí Uíbh Ráthaigh